Plé Pháipéar ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge – Cruinnithe Poiblí

Tá an Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta ag reáchtáil sraith cruinnithe poiblí chun deis a thabhairt do dhaoine díospóireacht a dhéanamh ar phlé pháipéar maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. D’eascair an plé pháipéar seo as an chéad chéim den chomhairliúcháin phoiblí a bhí ar siúl níos túisce i mbliana.

Tá cóip den phlé pháipéar ar fáil anseo (160k PDF).

Is mar seo a leanas sceideal na gcruinnithe:

Dáta/Am Ionad Contae
Dé hAoine, 26 Meán Fómhair - 9 p.m. Meadowlands Hotel, Trá Lí Ciarraí
Dé Céadaoin, 1 Deireadh Fómhair - 7.30 p.m. Clanree Hotel, Leitir Ceanainn Dún na nGall
Déardaoin, 2 Deireadh Fómhair - 7.30 p.m. Clarion Hotel Sligeach
Dé Máirt, 7 Deireadh Fómhair - 7.30 p.m. Woodstock Hotel, Inis An Clár
Dé Céadaoin, 8 Deireadh Fómhair - 7.30 p.m. Ardilaun House Hotel Gaillimh
Dé Máirt, 14 Deireadh Fómhair - 7.30 p.m. Buswells Hotel Baile Átha Cliath
Dé Céadaoin, 15 Deireadh Fómhair - 7.30 p.m. Tullamore Court Hotel Uíbh Fhailí
Dé hAoine, 31 Deireadh Fómhair - 2 p.m. Rochestown Park Hotel Corcaigh

Beidh seirbhís aistriúcháin comhuaineach ar fáil ag na cruinnithe seachas an cruinniú i gCiarraí nuair a bheidh sé ar siúl mar chuid d'Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge